Useful Links

Useful Links

Salerno Secondary

Seachtain na Gaeilge

Ceiliúradh Seachtain na Gaeilge le déanaí i Salerno agus bhain na múinteoirí agus na daltaí sár-thaitneamh as na himeachtaí uilig a cuireadh ar fáil sa scoil le linn na tréimhse. Chruthaigh daltaí na chéad bhliana póstaeir dheasa chun teanga na Gaeilge a mholadh timpeall na scoile. Ghlac daltaí páirt i dTráth na gCeist freisin agus bhí céilí eagraithe ag am lóin ar an gCéadaoin seo caite sa halla spóirt agus blaiseadh cultúr beo na Gaeilge le damhsaí spraoiúla. Aimsíodh rinceoirí maithe freisin! Cuireadh agus cuirtear fáilte is fiche roimh na cúpla focal i gcónaí. Beatha Teanga í a labhairt mar a deirtear. Labhair í agus mairfidh sí. Táimid ag súil go mór leis an mbliain seo chugainn... AN GHAEILGE ABÚ!